Cad - PowerPoint PPT Presentation

1 / 2
About This Presentation
Title:

Cad

Description:

CAD IS C IR DUIT D ANAMH? 1 B ar an eolas faoin sol thar Cad an fhadhb? T uisce glan foll in riachtanach don dea-shl inte. Gan cosaint agus c ire il ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:35
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 3
Provided by: mcna98
Category:
Tags: cad

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Cad


1
CAD IS CÓIR DUIT DÉANAMH? 1 Bí ar an eolas
faoin soláthar
Cad í an fhadhb? Tá uisce glan folláin
riachtanach don dea-shláinte. Gan cosaint agus
cóireáil ceart is féidir le soláthar
príobháideach uisce do shláinte a chur i mbaol.
Dfhéadfadh an truailliú teacht trí mhiocróib mar
bhaictéir, nó trí cheimiceáin cuid acu gan
díobháil ach dfhéadfadh droch-tinneas teacht ó
chuid eile go háirithe i ndaoine aosta, leanaí
óga, mná ag iompar clainne nó othair. Uaireanta
ní athraíonn blas, boladh ná dath an uisce de
bharr truallaithe agus gan sampláil ná anailís is
deacair a rá an bhfuil do sholáthar uisce
sábháilte mar Mínítear sa bhileog seo an méid is
féidir a dhéanamh chun an soláthar a chosaint
agus baol truaillithe a laghdú, mar aon le na
saghsanna difriúla soláthairtí príobháideach
uisce agus na fáthanna coitianta truaillithe.
SOLÁTHAR PRÍOBHÁIDEACH UISCE A CHOIMEÁD
SÁBHÁILTE Eolas maidir le Soláthar Príobháideach
Uisce Neamh-Rialaithe
  • Cé tá freagrach as obair chothabhála mura
    bhfuil tú cinnte,
  • smaoinigh ar theacht ar réiteach le húsáideoirí
    eile?
  • Cá bhfuil an foinse uisce agus cén saghas é
    fuarán,tobar, poll
  • tóraíochta, sruth/abhain, lochán nó loch?
  • Cén slí isteach ar dáitreabh atá ag an uisce?
  • An gcóirítear an t-uisce in aon slí má
    chóirítear, an bhfuil an
  • fearas cóireála i ndea-chaoi agus an guirtear
    caoi air go rialta?
  • 2 Cinntigh go bhfuil an soláthar sábháilte
  • Dein scrúdú go rialta ar gach aon chuid den
    soláthar agus cinntigh go bhfuil dea-chaoi ar an
    córas iomlán, nach bhfuil aon rud tar éis cur
    isteach air ná díobháil a dhéanamh dó. Caithfear
    an fhoinse féin agus an abhantrach a scrúdú, an
    seomra cnuasaithe agus fearas cóireála más an
    dóibh, mar aon leis na píopaí a bheireann an
  • t-uisce chugat.
  • I gcás fuarán, toibreacha agus poll tóraíochta
  • Cinntigh go bhfuil cosaint a dhóthain ar an
    soláthar chun uisce
  • ar bharr talún a stopadh ag dul isteach sa
    bhfoinse, go háirithe
  • le linn báisteach throm. Níor chóir daon
    uisce a bheith ina
  • lochán gar don bhfoinse.
  • Cinntigh go bhfuil ceann an tobair glan agus
    nach féidir le
  • hainmhithe dul i ngiorracht dó ach go
    háirithe
  • Cinntigh go bhfuil slánú déanta ar aon stóras
    sciodair nó
  • sadhlais sna limistéir.
  • Ná fágtar ola, aoileach, iotnaidicíd ná
    ceimiceáin eile sa tigh
  • caidéalaithe ná gar don tobar.

Cad é soláthar príobháideach uisce
neamh-rialaithe? Seard is soláthar príobháideach
uisce neamh-rialaithe na soláthar uisce nach
dtagann ó Comhairle Contae nó Cathrach, nó aon
soláthar nach bhfuil rialaithe ag Údarás
Sláintíochta dá leithéid. Soláthar príobháideach
is ea é a chuireann níos lú ná 10 méadar ciúbach
ar fáil sa ló nó a fhreastalaíonn ar níos lú ná
50 duine (tobar aonair san áireamh) agus nach
bhfuil gníomhaíocht tráchtála ná poiblí bainteach
leis, mar shampla bialann nó tigh lóistín. Cad
chuige an bhileog seo? Cé go mbíonn soláthairtí
príobháideacha uisce sábháilte don chuid is mó is
féidir leo a bheith i mbaol truaillithe.
Uaireanta scaiptear pataiginí mar E-coli 0157
agus Cryptosporidium agus leanann droch-ghalair
iad siúd. Ar mhaithe le do shláinte féin agus
sláinte do theaghlaigh ní mór duit do sholáthar
príobháideach uisce a choimeád saor ó
thruailliú. An Cúlra Dlíthiúil De réir Rialachán
an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) (Uimh.2) 2007
(I.R. Uimh. 278 de 2007) tá sé de dhualgas ar
Chomhairlí Contae agus Cathrach eolas ar an mbaol
truaillithe a thabhairt dúinéirí soláthairtí
príobháideacha uisce agus dá lucht úsáide, agus
comhairle a chur orthu ina leith. Is chuige sin
atá an bhileog seo.
  • Conas a tharlaíonn truailliú ar sholáthairtí
    uisce?
  • Fuaráin, toibreacha agus poill tóraíochta
  • Thiocfadh ábhar truaillithe isteach i bhfuaráin,
    toibreacha agus poill tóraíochta san áit -
  • mar a dtagann an fuarán os cionn talún
  • mar a bhailíonn an t-uisce i bpoll tóraíochta
    nó i dtobar
  • Is mó baol truaillithe duisce a tharraingítear
    as fuarán nó tobar éadoimhin atá gar do bharr na
    talún ná uisce atá go doimhin faoi thalamh. Ar
    fheirmeacha is iad na niotráití nó lotnaidicídí a
    chuirtear ar bharraí a théann isteach san uisce
    faoi thalamh. Dfhéadfadh pataiginí ó chac
    féaránach, nó ó aoileach agus sciodar a leagtar
    ar thalamh dul san uisce leis.
  • I gcás sruthanna, aibhnte, lochán agus lochanna
  • Ní mór lochán bunaithe nó seomra cnuasaithe a
    bheith sa chóras cnuasaithe chun gráinníní móra a
    scagadh amach sula dtéann an t-uisce isteach sa
    tsoláthar.
  • Ní mór freisin scagaire gainimh nó gairbhéil a
    bheith sa chóras chun breith ar ábhar orgánach
    mar dhuilleoga, gráinníní nó ainmhithe beaga sula
    dtéann aon uisce isteach sa tsoláthar. Ní cosaint
    iad na scagairí seo ó gach mionorgánach ná
    thruailliú ceimiceach.
  • Cinntigh nach truaillítear an t-uisce níos faide
    suas an sruth ó oibreacha foraoiseachta, sciodar
    ná aon saghas eisiltigh eile, msh.ó dhabhach
    mhúnlaigh 7 rl.

Sruthanna, aibhnte, locháin agus lochanna De
ghnáth ní bhíonn uisce ó sruthanna, aibhnte,
locháin ná lochanna chomh maith leis an uisce i
bhfuaráin, toibreacha agus i bpoill tóraíochta.
Braitheann an caighdeán ar an aimsir agus ar na
gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl san abhantrach.
Bíonn baol truaillithe ina leithéid de sholáthar,
go háirithe trí bhaictéir, le linn báisteach
throm nó aimsir te. Is féidir le huisce a
ritheann ón talamh isteach i sruthanna, aibhnte,
locháin nó lochanna a bheidh truaillithe ó
fhoinsí éagsúla mar ithir, barraí agus ó chac
ainmhithe feirme nó allta, míolra agus éanlaithe.
  • I gcás tailte feirme
  • Cuir uisce báistí ar malairt slí ionas nach
    rithfidh sé i dtreo an tsoláthar, msh. go díog
    bheag atá ag imeacht ón bhfoinse.
  • Cinntigh go bhfuil a fhios ag an bhfeirmeoir
    grub ann don soláthar agus nár chóir é a
    thruailliú tríd féaránaigh, aoileach nó sciodar a
    leathadh, ná trí leasú nó Iotnaidicídí.
  • Seans go mbeidh gá le clathacha chun ainmhithe
    feirme agus fiáine a choimeád amach ón bhfoinse
    uisce..

Page 1
2
  • Más cuí, cinntigh go bhfuil fallaí agus clúdach
    uisce- dhíonach ar an bhfoinse.
  • Cinntigh go mbeidh barr an tseomra nó an umair os
    cionn leibhéal na talún chun uisce ón talamh a
    stopadh ag sileadh isteach ann.
  • Cinntigh go bhfuil píopaí sceite nó poill déanta
    i gceart ionas nach féidir le haon smionagar na
    le hainmhithe beaga dul isteach.
  • Níor chóir don bhfoinse a bheith gar do
    dhiúscairt, sú na draein.
  • Ceimiceáin
  • Dfhéadfadh ceimiceáin dul isteach i soláthar
    uisce ó thionscail, ceardlann, mianach, cairéal
    (bídís ag oibriú nó tréigthe) nó ó uisce a
    ritheann anuas ón mbóthar nó ó shlí an tí.
    Thiocfadh ceimiceáin freisin ón bhfeirmeoireacht
    nó ón bhforaoiseacht (leasú, lotnaidicídí agus
    dip caorach). Bíonn nítrigin istigh i leasú
    saorga agus i sciodar. Is minic nach mbíonn
    leibhéal ard nítrigin oiriúnach do mhná atá ag
    iompar clainne, do naíonáin ag ól as buidéal ná
    do leanaí óga.
  • Miotail
  • D'fhéadfadh leibhéal ard luaidhe a bheith sa
    chóras ó phíopaí luaidhe. Rud é sin atá ana-olc
    do naíonáin agus do leanaí óga.
  • Is féidir arsanaic a aimsiú go nádúrtha mar
    riandúil i soláthairtí uisce talún. Tá díobháil
    le beagán arsanaic a thógáil thar tréimhsi fada
    agus ní mór é a ruaigeadh trí chóras ceart
    cóireála a chur isteach.
  • Bíonn radón agus úráiniam san uisce de dheasca an
    chineál carraige san abhantrach go mór mhór i
    gcás an eibhir. Bíonn leibhéil arda go dona. Tá
    comhairle le fáil ón Institiúid Éireannach un
    Chosaint Raideolaíoch. (Fón 01-2697766).
  • Bíonn larann agus Mangainéis ana-choitianta i
    soláthairtí uisce talún i gCiarraí agus gan
    cóireáil beidh
  • Blas agus boladh gránna ar an soláthar uisce
  • Salú ag teacht ar leithris, folcadáin, báisiní
    lámha agus tráidirí
  • cithfholctha.
  • Dríodar ar na píopaí pluiméireachta laistigh.
  • Is féidir soláthar uisce a chóireáil chun iarann
    agus maingainéis a bhaint amach ach tá
    mórchóireáil ana-dhaor. Dá mbeadh seans teacht
    ar fhoinse éigin eile bheadh sé sin níos fearr
    mar réiteach.

Ná pléigh na cúramaí seo le héinne ach amháin le
Conraitheoirí Cóireála Uisce atá láncháilithe
agus taithí mhaith acu ar an obair chéanna.
5 - Na píopaí a mheas Is minic aigéad nádúrtha i
soláthar neamh-rialaithe, rud a díscaoilfidh an
luaidhe as píopaí (nó umair) luaidhe. Má tá
píopaí luaidhe laistigh nó lasmuigh agat,
dfhéadfadh leibhéal ard luaidhe a bheith sa
chóras, rud atá ana-olc do naíonáin agus leanaí
óga. Ba chóir duit alcaile a chur ann chun an
aigéad a mhaolú nó píopaí phlaisteacha a chur
isteach ina n-ionad.
6 Cad eile is féidir a dhéanamh? Más bac ort an
costas a bhaineann le soláthar príobháideach
neamh-rialaithe a chóiriú nó a fheabhsú, tá seans
ann go bhféadfá ceangal le soláthar rialaithe
poiblí. Labhair leis an t-údarás (sonraí thíos)
féachaint an fiú seo a dhéanamh ach má bhíonn an
soláthar poiblí tamall fada uait bfheidir nach
fiú. 7 Cothabháil na Píblíne Sruthlaigh an
córas píopaí ar a laghad 4 huaire sa bhliain agus
go hairithe má bhristear an píblíne. Sa chás go
mbíonn an gréasán píopaí idirnascaithe, úsáid
comhlaí neamhchúlaithe chun soláthar duisce óil
a chosaint ó sholáthar gan chóireáil (msh.
soláthar uisce do chúraimí eile seachas ól). 8
Ceisteanna pH Cinntigh go ndeinfear monatóireacht
ar an leibhéal pH i bhfoinsí uisce talún óir is
féidir le substaintí áirithe síothlú isteach sa
soláthar dá bharr (mar shampla téann pH íseal i
bhfeidhm ar phíopaí copair). Tá cóireáil
oriúnach ar fáil do leibhéil isle pH.
  • Más feirmeoir tú
  • De réir Rialachán an Aontais Eorpaigh
    (Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a
    Chosaint) (I.R. 788 2005) níl cead agat leasú a
    leathadh gar don phointe tógála. (Tá leabhrán
    speisialta faoi na Rialacháin ag an Roinn
    Talmhaíochta agus Bia).
  • De réir rialacha an Scéim um Chaomhnú Chomhshaol
    na Tuaithe (REPS) caithfidh ainmhithe a bheith
    laistiar de chlaí gar do chúrsa/corr uisce. (Tá
    leahrán speisialta faoin Scéim REPS ag an Roinn
    Talmhaíochta agus Bia)

3 Smaoinigh ar an gcóras a sheiceáil Moltar
duit an tobar a sheiceáil go bliantúil do
thruailliú baictéarach is gach trí bliana do
thruailliú ceimiceach nó miotail. Má cheapann tú
go bhfuil aon truailliú sa chóras scrúdaigh é
láithreach. Ar dtús dein teagmháil leis an
gComhairle Contae no Cathrach, nó dfhéadfá
sampla a chur chuig saotharlann phríobháideach.
Cuimhnigh go mbaineann tástáil le caighdeán an
uisce ag an am tástála, agus gur féidir leis
athrú ó am go ham.
Foinsí agus saghsanna truaillithe Baictéir Foinse
amháin is ea cac ainmhithe. Is ar fheirmeacha is
mó atá an baol seo ar ndóigh, san áit ina mbíonn
ainmhithe ar féarach nó ina mbíonn aoileach nó
sciodar ar an dtalamh. Tarlaíonn a leithéid go
háirithe má ritheann uisce báistí ón bhfeirm
isteach sa bhfoinse uisce. Cúis eile is ea
dabhach mhúnlaigh nach mbíonn ag oibriú i gceart.
Ba chóir iad siúd a chothú i gcónaí agus caoi
mhaith a chur orthu go rialta. Is iad
cuairteoirí nach n-ólann an t-uisce go rialta is
mó atá i mbaol ó phataiginí sa soláthar uisce
agus is minic a leanann aicíd nó galrú a leithéid
de thruailliú
Cá bhfuil comhairle le fáil? Má bhíonn aon cheist
eile agat nó comhairle ag teastáil uait dein
teagmháil leis an gComhairle seo Oifig Uisce
Tuaithe, Fón 044 9332000
4 Smaoinigh ar an gcóras a chóireáil
Má cheapann tú nó má tá a fhios agat go bhfuil an
soláthar truaillithe, bfhiú an t-uisce a
chóireáil chun an truailliú a bhaint as. Má
bhaineann an soláthar le háitribh eile is fearr
go mór, agus is saoire, an córas iomlán a
chóireáil, má tá úinéirí eile sásta sin a
dhéanamh. Caithfidh an chóireáil a bheith
oiriúnach don soláthar atá agat agus don
truailliú atá i gceist. Cuimhnigh áfach, nach
leor díghalrú a dhéanamh uair amháin agus má
bhíonn sé ag teastáil go rialta go mba cheart
córas iomlán cóireála a chur isteach.
Page 2
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com