Colscaradh - PowerPoint PPT Presentation

1 / 12
About This Presentation
Title:

Colscaradh

Description:

Colscaradh P draig Mac Suibhne Le Staid ar File Teideal Su omh T ama Moth ch in Mar a chuaigh an d n i gcion ort Teicnic msh codarsnacht, friotal ... – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:53
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 13
Provided by: NicolaC151
Category:
Tags: chine | colscaradh

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Colscaradh


1
Colscaradh
  • Pádraig Mac Suibhne

2
Le Staidéar
  • File
  • Teideal
  • Suíomh
  • Téama
  • Mothúcháin
  • Mar a chuaigh an dán i gcion ort
  • Teicnicí
  • msh codarsnacht, friotal, comparáid, meafair,
    uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht, atmaisféar,
    nádúr/dúlra

3
Téama
  • Téama Is é coimhlint téama an dáin seo,
    Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne. Tá mianta
    difirúla ag an bhfear agus an mbean. Ba mhaith
    leo rudaí eagsúla. Bhí saol pósta traidisiúnta
    ag teastáil ón fhear nead a chine, ach ba maith
    leis an mbean cumhacht, airgead agus stádas,
    meas na mílte.
  • Ar dheireadh scar siad óna chéile Thángthas ar
    réiteach. Scaradar. Bhí na mianta níos
    tábhachtaí ná an grá. Bhí sé sin soiléir nuair a
    fhéachann tú níos goirre, ní raibh ainm a leanán
    luaite ag an mbeirt fiú. Taispeánann sé sin nach
    raibh ina naigne acu ach a gcuid mianta féin!
  • Mar sin is léir gurb é coimhlint téama an dáin
    seo.

4
An teachtaireacht
  • Coimhlint sa phósadh. Traidisiúnachas v
    Nua-aoiseachas
  • Díomá agus brón mar thoradh ar theip grá.
  • Bhí mianta an bheirt acu níos tábhachtaí na an
    grá.
  • Ní luann siad ainm a céile fiú.

5
An file
  • Pádraig Mac Suibhne
  • Rugadh agus tógadh é i Dún na nGall (1942). Ba
    mhúinteoir agus príomhoide é.
  • Bhain sé céim sa Ghaeilge agus Stair.
  • Scríobh sé Spaisteoireacht agus Solas Uaigneach

6
Teideal
  • Colscaradh, is teideal soleite, simplí é. Ní
    ligeann sé aon amhras don léitheoir. Agus is mar
    sin atá an dán féin, ní raibh aon amhras ag an
    léitheoir faoi céard a tharla i ndiaidh a chéile.

7
Mothúcháin
  • Cé gur dán gearr é seo is iomaí mothúchán a
    bhraitear agus a mhúsclaítear ann, brón, trua,
    grá agus díomá ina measc.
  • Ón dteachtaireacht féin tuigimid go bhfuil
    atmaisféar díomách ann agus bíonn i gcónaí nuair
    a teipeann ar an ngrá. Ach roimhe sin bhí
    doilíos agus míshonas ann chomh maith toisc nach
    rabhadar ábalta na deacrachtaí eatarthu a shárú.
  • Uair amháin bhí grá agus drúis ann, shantaigh sé
    beanshantaigh sí fear. Is focal agus mothú
    láidir é shantaigh agus is cinnte go raibh an
    bheirt acu mór i ngrá lena chéile tráth. Ach ní
    grá fad-tréimhseach é cosúil le Jimmy agus Sarah
    sa scéal An Gnáthrud. Grá buan a bhí idir an
    bheirt sin!
  • Ag deireadh an lae, toisc gur teip orthu teacht
    ar réiteach ar na mianta difriúla scaradar agus
    theip ar an ngrá. Bhí trua againn dóibh agus don
    grá mar léitheoirí.

8
Teicnicí Fileatacodarsnacht, friotal, comparáid,
meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht,
atmaisféar, nádúr/dúlra
  • Codarsnacht/comparáid na mianta, meon, dearcadh
    trad/nua aoiseach, íomha den saol/todchaí, na
    rudaí tábhachtacha
  • Friotal shantaigh, chine, meas na mílte
  • Meafair taobh den bhríste greannmhar,
    soléite, fíor-dhifriúil ón íomhá a bheadh ag an
    bhfear traidisiúnta, ní bheadh bríste ag an mbean
    fiú!!!
  • Íomhánna den bheirt, den dá phósadh/saol
  • Meadaracht foirm den Rósc dhá bhéím i ngach
    líne rím dheiridh agus comhuaim síos tríd an
    dáin2,4,6, chine, thine, chlainne.
  • Atmaisféar Brónach, díomách, míshásta, ciotach

9
Mar a chuaigh an dán i gcion orm
  • Mianta difriúla, meon difriúla,
  • Íomhánna simplí, éifeachtach, soiléir
  • Mothúcháin santasach, leithleach,
  • Réalaíoch - Fadhb nua aoiseach ag tarlú i ngach
    áit
  • Codarsnacht sa stíl rithim, rím, uaim ach ag an
    deireadh glan agus fuar.
  • Cosúil le Géibheann in san stíl agus leagan
    amach, dhá shaol difriúl, íomhánna láidir,
    saoirse ag teastáil sa dhá dhán

10
Mar a chuaigh an dán i gcion ort
  • Cé gur dán brónach é Colscaradh le Pádraig Mac
    Suibhne cheap mé go raibh sé dea-scríofa le
    friotal agus íomhánna láidre.
  • Is ábhar an-topaiciúil agus coitianta é an
    Colscaradh sa lá atá inniu ann agus is beag duine
    atá ann gan taithí éigin acu air.
  • Chruthaigh Mac Suibhne an teachtaireacht sa dán
    leis an bhfriotal a phioc sé, tóg shantaigh mar
    shampla, focal láidir soiléir. Tuigim ón bhfocal
    seo go raibh grá agus drúis idir an bheirt tráth.
  • Anuas ar sin bhain mé sult as na híomhánna a
    chruthaítear. Bhí siad an difriúl óna chéile.
    Ní raibh ag teastáil ón bhfear ach pósadh
    traidisiúnta agus feicim i maigne é, cois tine
    le scata páistí mórthimpeall air agus a bhean ina
    n-aprún ag cócaireacht sa chistin.

11
Gnáthléibhéal
  • Mothúcháin Tá a lán mothúchán le fáil sa dán
    seo, grá, frustrachas agus saint ina measc. Ach
    is é díomá an mothúchán is mó.
  • Bhí an bheirt acu i ngrá le chéile uair amháin.
    Ach anois tá siad scartha. Theip ar an bpósadh
    agus ar an grá. Mar sin tá díomá ar an
    léitheoir.
  • Bhí na mianta níos tábhachtaí dóibh ná an grá
    agus scar siad. Bhí díomá orm ag léamh an dán
    seo.

12
Meafair
  • Tá meafair cliste sa dán seo. Luann an fear
    nead a chine. Seasann sé don chlann. Tá a
    mhianta dírithe ar an teaghlach.
  • Luann an bhean leath den chíste. Seasann sé
    dairgead agus stádas. Tá a mianta dírithe ar
    neamhspleáchas agus saol compordach.
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com