Sa - PowerPoint PPT Presentation

1 / 70
About This Presentation
Title:

Sa

Description:

Sa cheachas Gur Nanak Bunaitheoir an tSa cheachais – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:71
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 71
Provided by: Garr103
Category:
Tags: nanak

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Sa

1
Saícheachas
Gurú Nanak Bunaitheoir an tSaícheachais
2
As cén áit as ar tháinig an Saícheachas?
3
Panjab
An Ind
As ceantar i dtuaisceart na hInde a tháinig an
Saícheachas - áit ar a dtugtar Panjab
4
Comhthartha an tSaícheachais
5
Tá an Saícheachas ar cheann de na reiligiúin
mhóra is óige ar an domhan
6
Tá an Saícheachas ar cheann de na reiligiúin
mhóra is óige ar an domhan
Níl an Saícheachas ach 500 bliain daois
7
Rugadh an Gurú Nanak sa bhliain 1469 agus ba é a
bhunaigh an Saícheachas
8
Ek Ong Kar!
Scaip an Gurú Nanak teagasc domhain simplí Ek
ong kar a chiallaíonn Sinne aon amháin
9
Sinne aon amháin atá cruthaithe ag Dia amháin
10
Sinne aon amháin atá cruthaithe ag Dia amháin
Ba ráiteas réabhlóideach é ag am nuair a bhí
córas cruálach na sainaicmí faoi lánréim san Ind.
11
De réir córas na sainaicmí bhí cúig shainaicme ann
12
De réir córas na sainaicmí bhí cúig shainaicme ann
Bráman
Bráman ba iad na sagairt and an t-uasaicme ab
airde san Ind.
13
De réir córas na sainaicmí bhí cúig shainaicme ann
Bráman
Kshatriya
Bráman ba iad na sagairt and an t-uasaicme ab
airde san Ind.
Kshatriya ba iad lucht an rialtais agus lucht
míleata na tíre
14
De réir córas na sainaicmí bhí cúig shainaicme ann
Bráman
Kshatriya
Vaishya
Bráman ba iad na sagairt and an t-uasaicme ab
airde san Ind.
Kshatriya ba iad lucht an rialtais agus lucht
míleata na tíre
Vaishya sainaicme a chuimsigh ceannaithe,
feirimeoirí, ceardaithe
15
De réir córas na sainaicmí bhí cúig shainaicme ann
Bráman
Kshatriya
Vaishya
Shudra
Bráman ba iad na sagairt and an t-uasaicme ab
airde san Ind.
Kshatriya ba iad lucht an rialtais agus lucht
míleata na tíre
Vaishya sainaicme a chuimsigh ceannaithe,
feirimeoirí, ceardaithe
Shudra ba iad lucht oibre, searbhóntaí,
freastalaithe, spailpíní.
16
De réir córas na sainaicmí bhí cúig shainaicme ann
Bráman
Kshatriya
Vaishya
Shudra
An t-aos seachanta
Bráman ba iad na sagairt and an t-uasaicme ab
airde san Ind.
Kshatriya ba iad lucht an rialtais agus lucht
míleata na tíre
Vaishya sainaicme a chuimsigh ceannaithe,
feirimeoirí, ceardaithe
Shudra ba iad lucht oibre, searbhóntaí,
freastalaithe, spailpíní.
An tAos Seachanta dream bocht nach raibh meas
dá laghad orthu
17
De réir córas na sainaicmí bhí muintir na hInde
roinnte suas ina n-aicmí difriúla
Bráman mná
Bráman fir
Potaire fir
Potaire mná
Ní raibh cead ag daoine ó sainaicmí éagsúla
pósadh lena chéile
18
De réir córas na sainaicmí bheadh ar Bhráman fir
pósadh le Bráman mná agus más duine ó shain-aicme
eile thú bheadh ort cloí le do shainaicme féin
Bráman mná
Bráman fir
Potaire mná
Potaire fir
19
An t-aos seachanta
Bhí saol cráite ag an aos seachanta ach dúirt
Gurú Nanak.
20
An t-aos seachanta
Bhí saol cráite ag an aos seachanta ach dúirt
Gurú Nanak.
Ek Ong Kar!
21
..a chiallaíonn nach bhfuil ach aon cineál duine
ann duine atá cruthaithe ag an aon Dia amháin
Sinne aon amháin!
22
Níor ghlac an Gurú Nanak páirt le haon cheann de
na reiligiúin mhóra a dhearbhaigh creideamh i
nDia.
23
Níor ghlac an Gurú Nanak páirt le haon cheann de
na reiligiúin mhóra a dhearbhaigh creideamh i
nDia.
Ní leis an Chríostaíocht
24
Níor ghlac an Gurú Nanak páirt le haon cheann de
na reiligiúin mhóra a dhearbhaigh creideamh i
nDia.
Ní leis an Chríostaíocht
Ní leis an Ioslamachas
25
Níor ghlac an Gurú Nanak páirt le haon cheann de
na reiligiúin mhóra a dhearbhaigh creideamh i
nDia.
Ní leis an Chríostaíocht
Ní leis an Ioslamachas
Ní leis an Hiondúchas
26
Críostaíocht
Ioslamachas
Hiondúchas
Ní amháin gur dhearbhaigh an Gurú Nanak nach
raibh ach aon Dia amháin ann ach dhearbhaigh sé
freisin go raibh a lán bealaí éasgúla ar fáil
chun bheith i láthair Dé.
27
Saíchigh
Tháinig lucht leanúna an Ghurú Nanak ó na
priomhreiligiúin eile dá cheantar. Agus níorbh
fhada gur thosaigh a líon ag méadú agus ag méadú.
Tugadh Saíchigh orthu a chiallaíonn
foglaimeoirí i nGaeilge.
28
Tá trí phrionsabal thábhactacha ag baint le
teagasc an tSaícheachais
29
Tá trí phrionsabal thábhactacha ag baint le
teagasc an tSaícheachais
Nam Japa machnamh ar ainm Dé
30
Tá trí phrionsabal thábhactacha ag baint le
teagasc an tSaícheachais
Nam Japa machnamh ar ainm Dé
Dharam di Kirat Karni Beatha mhacánta a ghnóthú
31
Tá trí phrionsabal thábhactacha ag baint le
teagasc an tSaícheachais
Nam Japa machnamh ar ainm Dé
Dharam di Kirat Karni Beatha mhacánta a ghnóthú
Vand Ke Chakna Roinn amach torthaí do chuid oibre
32
An chéad phrionsabal Nam Japa
33
An chéad phrionsabal Nam Japa
Nam Japa Ní mór do shaíchigh éirí go moch ar
maidin (roimh éirí na gréine), iad féin a ní go
maith, dianmhachnamh a dhéanamh ar ainm Dé, agus
iomainn naofa an Ghurú a aithris chun a n-intinn
a ghlanadh roimh thosach an lae nua.
34
An dara prionsabal Dharam di Kirat Karni
35
An dara prionsabal Dharam di Kirat Karni
Dharam di Kirat Karni Ní mór do gach saícheach
bheith ag obair go dian ar mhaithe lena chlann
féin agus ar maithe leis an bpobal i gcoitinne
36
An tríú prionsabal Vand Ke Chakna
Vand Ke Chakna Iarrtar ar gach Saícheach
torthaí a chuid oibre a roinnt go fial le daoine
eile.
37
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Bhunaigh Gurú Nanak an Saícheahas sa chúigú haois
déag. Ba é an creideamh a scaip sé ná go mba
chóir go mbeadh na cearta céanna agus na
seansanna céanna ag gach duine
38
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Is ionann sinne go léir i radharc Dé. Inniu tá
thart ar fiche milliún duine ina mbaill den
Saícheachas agus tá an reiligiún seo ar oscailt
do chách.
39
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Ina dhiaidh an Ghurú Nanak, lean deichniúr gurú
eile
40
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Ina dhiaidh an Ghurú Nanak, lean deichniúr gurú
eile
Gurú Nanak 1469-1539 Gurú Angad 1539-1552 Gurú
Amar 1552-1574 Gurú Ram 1574-1581 Gurú Arjan
1581-1606
41
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Ina dhiaidh an Ghurú Nanak, lean deichniúr gurú
eile
Gurú Nanak 1469-1539 Gurú Angad 1539-1552 Gurú
Amar 1552-1574 Gurú Ram 1574-1581 Gurú Arjan
1581-1606
Gurú Har Gobind 1606-1644 Gurú Har Rai
1644-1661 Gurú Har Krishan 1661-1664 Gurú Tegh
Bahadur 1665-1675 Gurú Gobind Singh 1575-1708
42
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Ba é an Gurú Gobind Singh 1575-1708 an Gurú a
dordaigh gurbh é leabhar naofa na Saícheach a
bheadh ina Ghurú síoraí as sin amach ag Saíchigh
an domhain i ndiaidh a bháis féin. Tugtar Gurú
Granth Sahib ar an leabhar sin.
43
Stair Ghairid ar an Saícheachas
chauri
Gurú Granth Sahib
Tá an Gurú Granth Sahib (leabhar naofa na
Saícheach) ina luí ar chúisín speisialta darb
ainm manji agus tá éadaí ar leith lena chlúdach
ar a nglaotar rumalla. Feictear freisin fean in
aice leis an leabhar tugtar chauri air sin.
44
Stair Ghairid ar an Saícheachas
Ba é an Gurú Gobind Singh an Gurú deireanach a
dordaigh dá lucht leanúna na cúig Knna a
chaitheamh mar chomhartha dá gcreideamh.
45
Na Cúig Cénna1
1. An Ceis (an Ghruaig) Níl cead ag Saíchigh
a gcuid gruaige a ghearradh agus mar sin bíonn
orthu turban a chaitheamh.
46
Na Cúig Cénna
2. An Canga (an Chíor) Is cíor bheag é chun a
gcuid gruaige a chíoradh ach is siombail é
freisin go mba chóir dóibh a smaointe a chíoradh
go rialta agus iad a choimeád glan.
47
Na Cúig Cénna
3. An Cara - bráisléad cruach a chaitheann an
Saícheach ar chaol a láimhe deise mar mhodh chun
cuimhneamh de shíor gur gá i gcónaí an rud ceart
a dhéanamh.
48
Na Cúig Cénna
4. An Cacha - fobhríste déanta den chadás a
shiombalaíonn glaineascht, geanmnaíocht agus
saoirse spioradálta.
49
Na Cúig Cénna
5. An Cirpean - claíomh beag an ghaiscigh le
taispeáint go mbíonn an Saícheach i gcónaí réidh
chun na laga a chaomhnú agus daoine i
gcoitinne a chosaint ón ansmacht agus ó éigeart
ar bith.
50
Gurdbhara
An Gurdbhara (Geata go dtí an Gurú) - nó teach
tionóil na Sícheach ina mbailíonn an pobal
Saícheach chun adhradh agus a bpaidreacha a rá.
.
51
Gurdbhara
An Gurdbhara (Geata go dtí an Gurú) - nó teach
tionóil na Sícheach ina mbailíonn an pobal
Saícheach chun adhradh agus a bpaidreacha a rá.
Úsáidtear an Gurbhara ní amháin mar ionad
adhartha ach mar scoil, ionad itheacháin le linn
féilte naofa na bliana nó mar ionad codlata más
gá.
52
Feile Baisaichí
I mí Márta 1699 tar éis paidreacha na maidine,
déirigh Gurú Gobind Singh i measc an phobail
agus diarr sé orthu an raibh éinne ann a bheadh
sásta a chloigeann a thabhairt dó.
53
Feile Baisaichí
Bhí an pobal ina thost iomlán ar feadh tamaill
54
Feile Baisaichí
.agus ansin déirigh fear cróga amháin ina
sheasamh agus dúirt sé go mbeadh seisean sásta a
chloigeann a thabhairt don Ghurú.
55
Feile Baisaichí
Chuaigh an bheirt fhear isteach sa phuball ach
níor tháinig ach fear amháin amach
56
Feile Baisaichí
Ba é Gurú Gobind Singh. Bhí fuil ar a chlaíomh
Ansin diarr sé ar dheonach eile a chloigeann a
thabhairt dó...
57
Feile Baisaichí
Tháinig fear eile go deonach amach as an slua ina
lathair agus tharla an rud ceannann céanna.
58
Feile Baisaichí
Chuaigh an bheirt isteach níor tháinig ach an
Gurú féin amach le fuil ag sileadh óna chlaíomh
arís. Nuair a bhí sin déanta ag an Ghurú cúig
uaire
59
Feile Baisaichí
Tháinig an cúigear deonach beo folláin amach as
an phuball iad gléasta i róbaí buí geala agus le
turban den dath céanna ar a gcloigeann
60
Féile Baisaichí
Seo daoibh na Panj Pyare!
Dúirt an Gurú gurbh iad na Panj Pyare nó An
Cúigear Móidíní
Ansin bhaist an Gurú An Cúigear Móidíní agus
ina dhiaidh sin, diarr sé ar an chúigear naofa
seo go mbaisfeadh siadsan eisean fosta rud a
rinne siad.
61
Feile Baisaichí
Dfhógair an Gurú ansin An Deasghnath Amrit is
é sin - nuair a thiocfadh cúigear Saícheach
baistithe le chéile, bheadh seisean ina láthair
agus gurbh fhéidir leo ansin baill nua a
bhaisteadh.
62
Féile Baisaichí
An Deasghnáth Amrit
Ar maidin an deasghnátha Amrit, ionlann gach
duine a bheidh ag tógáil páirt ann é nó í féin go
maith i bhfolcadán agus cuireann siad na cúig
Cénna orthu féin.
63
Féile Baisaichí
An Deasghnáth Amrit
Déantar meascán de shiúcra agus duisce, Amrit.
Spréitear an Amrit i súile agus ar cheann na
mball nua agus ólann siad cuid de freisin.
64
Féile Baisaichí
An Deasghnáth Amrit
Ina dhiaidh sin, aithrisíonn gach Saícheach an
Mantra Múl, mantra atá le fáil ag tús a leabhair
naofa, Gurú Granth Sahib.
65
Féile Baisaichí
An Manta Múl
IK OKAAR Tá Dia amhain ann. SAT NAAM Fírinne is
ainm dó. KARTA PURKH Is é an Cruthaitheoir. NIRBHA
U Tá sé gan eagla. NIRVAIR Tá sé gan fuath. AKAAL
MOORAT Tá sé bithbhuan agus gan chruth. AJOONI
SABHANG Tá sé os cionn an bháis is é an té
léargais. GUR PARSAD Trí dheonú an Ghurú is
féidir aithne a chur air.
66
Pósadh
De ghnáth socraítear cleamhnas do bheirt daoine
óga agus san Ind is minic go maireann an bhainis
féin ar feadh trí lá san iomlán.
67
Pósadh
De ghnáth socraítear cleamhnas do bheirt daoine
óga agus san Ind is minic go maireann an bhainis
féin ar feadh trí lá san iomlán. Téann an lánúin
timpeall an Granth Sahib agus ar an uair
dheireanach timpeall dóibh, caitheann aíonna na
bainise piotail róis leis an leanúin nua phósta
68
Focail scoir
Is daoine fiala fáilteacha iad na Saíchigh agus
tar éis an deasghnátha Amrit bíonn béile mór ar a
dtugtar Langar. Cuirtear fáilte is fiche roimh
chách a bhíonn i láthair ag an mbéile leo.
69
Nótaí agus breiseolas
1. ??? ???? (Panj Kakar Na Cúig airteagal
Credimh) ceann de na cúig rud atá le caitheamh ag
an Saícheach. Sa Bhéarla tugtar The Five Ks
orthu mar tá an chéad litir de gach ceann díobh ?
cosúil le K sa Bhéarla.
2. Is féidir breiseolas a fháil ar an Saícheachas
ó na foinsí a thugtar thíos
http//www.irishsikhcouncil.com http//atschool.ed
uweb.co.uk/carolrb/sikhism/sikhism1.html http//ww
w.bbc.co.uk/schools/religion/sikhism/ http//www.s
ikhnet.com/stories http//youtu.be/OlxOhyfDzwU
70

Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com