Hurlamabac - PowerPoint PPT Presentation

1 / 12
About This Presentation
Title:

Hurlamabac

Description:

Hurlamabac N ta Ardl ibh al Achoimre Is sliocht as rsc al seo. Faighimid eolas ar chlann Albright, Lis n, P l, Ru n(18) agus Cu n(13). – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:58
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 13
Provided by: Allan245
Category:
Tags: hurlamabac | sona

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: Hurlamabac


1
Hurlamabac
  • Nótaí Ardléibhéal

2
Achoimre
  • Is sliocht as úrscéal é seo.
  • Faighimid eolas ar chlann Albright, Lisín, Pól,
    Ruán(18) agus Cuán(13).
  • Tá Lisín agus Pól pósta le 20 bliain agus tá
    cóisir á eagrú ag Lisín.
  • Beidh an chóisir an-mhór agus galánta.
  • Beidh gach saghas bia ann.
  • Níl Ruán ag súil leis an gcóisir ach deireann sé
    go bhfuil sé.
  • Tagann an tUasal MacGabhann chun glacadh leis an
    gcuireadh.

3
Achoimre ar lean
  • Tá Lisín agus Pól Albright ag eagrú ceiliúradh
    mór dfhichiú lá cothrom a bpósta ina dteach
    álainn féin. Tá beirt mhac acu Ruán agus Cú
    (Cuán). Níl Ruán, an mac is sine agus atá ar tí
    an Ardteistiméireacht a sheasamh, sásta ar chor
    ar bith leis an smaoineamh. Dar le Ruan Beidh an
    chóisir crap, ach ní deireann sé é sin lena
    mháthair.
  • Tá teach mhuintir Albright suite in eastát
    meán-aicmeach uachtarach i ndeisceart na
    cathrach. Réitíonn gach duine ar a mbóthar,
    Ascaill na Fuinseoige, go maith lena chéile ach
    amháin máthair Emma Ní Loingsigh, Eibhlín. Tá
    gruaig fhionn ar na mná uile in Ascaill na
    Fuinseoige ach amháin ar Eibhlín a théann
    timpeall le liath ina cuid gruaige. Tugtar le
    tuiscint don léitheoir go n-íslíonn Eibhlín ton
    an cheantair.
  • Ní raibh Pól ach ag obair i siopa nuair a bhuail
    Lisín leis i dtosach báire ach daithin Lisín na
    féidearachtaí sa bhuachaill óg seo agus anois is
    fear saibhir léannta é Pól. Tá a lán le
    ceiliúradh acu.
  • Tuigimid ón sliocht go lánúin sásta,
    uaillmhianach agus rathúil iad Lisín agus Pól.

4
Carachtairí
  • Lisín Is bean tí foirfe, fionn, tanaí, gnóthach
    í.
  • Bíonn sí i gcónaí álainn agus faiseanta.
  • Bíonn an teach i gcónaí álainn agus néata.
  • Is ball í de gach saghas club agus freastalaíonn
    sí ar a lán ranganna.
  • Pól Is fear saibhir, léannta cliste é.
  • Tá meas ag gach duine air.
  • Is léachtóir gnó é.
  • Thuill sé a lán airgid ag ceannach stoc ar an
    idirlíon.

5
  • Cuán 13
  • Is buachaill cliste agus dathúil é.
  • Ruán 18
  • Is buachaill cliste agus dathúil é.
  • Ní maith leis an tUasal Mac Gabhann
  • Gránn sé a mháthair ach ní maith leis í faoi
    láthair.
  • Cuireann sí lagmisneach air ach tugann sí
    spreagadh agus moladh dó i gcónaí.

6
Téama
  • Is aoir nua-aoiseach é an scéal seo Hurlamabac le
    Éilis Ní Dhuibhne
  • Cruthaíonn an t-údar íomhá dascail éigin i
    mBaile Átha Cliath, bóthar fionn, foirfe atá
    ann agus gach bean a chónaíonn ann fionn agus
    foirfe chomh maith, go háirithe Lisín, máthair
    Ruán.
  • Tá gach clann ann saibhir, cliste agus dathúil.
  • Ach taobh thiar den foirfeacht seo tá an-chuid
    fadhbanna ann, idir máthair agus mac mar shampla.
  • Ní mar a shíltear a bhítear mar a déarfá.

7
Téama ar lean
  • Baineann an sliocht seo le saol meán-aicmeach na
    hÉireann. Is aoir é an t-úrscéal nua-aimseartha
    seo ina fheicimid gnéithe den saol nuair a bhí an
    Tíogar Ceilteach i réim.
  • Baineann an sliocht le muintir Albright
    Teaghlach atá ina chónaí i mbruachbhaile
    faiseanta. Cé go bhfuil an chlann saibhir agus
    go bhfuil Lisín foirfe mar bhean, tuigimid nach
    bhfuil Ruán ró-shona ann féin. Is léir go bhfuil
    an scríbhneoir ag déanamh scigmhagadh ar
    luachanna na ndaoine meánaicmeacha seo. (tabhair
    samplaí)
  • Tá na mná ar an bhóthar uilig mar an gcéanna
    Néata agus faiseanta. Tá gruaig fhionn ar gach
    duine acu, ach amháin Eibhlín Ní Loinsigh, agus
    síleann na mná uilig go bhfuil sí aisteach ar
    fad.
  • Tá Lisín féin néata agus álainn, agus tá a teach
    néata agus álainn chomh maith. Ach feicimid cé
    chomh baothghalánta is atá meon na ndaoine ar an
    ascaill. Tuigimid go bhfuil míshuaimhneas ar
    Ruán. Níl sé ag dúil leis an chóisir, cé go
    ndeir sé a mhalairt lena mháthair.
  • Ní fhaighfimid ach sracfhéachaint ar shaol
    mhuintir Albright sa sliocht seo ach tuigimid
    láithreach nach bhfuil gach rud chomh foirfe is a
    gceapann Lisín.

8
An maith leat an scéal seo?
  • Is maith liom an scéal seo. Ba mhaith liom an
    leabhair ar fad a léamh.
  • Is aoir é an scéal seo agus is maith liom an
    greann ann.
  • Tuigim cás Ruán. Cuireann a mháthair isteach air
    fiú go gtugann sí tacaíocht dó.
  • Ceapaim go bhfuil an charachtair Lisín
    greannmhar. Cuireann sí Desperate Housewives i
    maigne dom.

9
Staidéar Carachtairí
  • Lisín Is bean faiseanta í Lisín atá pósta le
    fiche bliain. Tá beirt mhac aici atá cliste agus
    dathúil. Ní raibh Pól saibhir nuair a bhuail
    siad le chéile, ach anois, tá sé múnlaithe aici.
    Tá cuma óg ar Lisín, agus tá suim aici i
    dteangacha agus sa drámaíocht. Is léir gur duine
    gnóthach, eagraithe í. Bhí sí ag ullmhú cóisire
    chun an fiche bliain a cheiliúradh. Bhí gach rud
    in ord agus in eagar aici sa teach. Shíl na
    comharsana go raibh sí foirfe. Bhí cuma álainn
    uirthi i gcónaí, agus bhí cuma ghalánta ar an
    teach.
  • Is suachmán sásta í, ach bfhéidir nach mairfidh
    an tsástacht sin i bhfad. Feicimid nach
    dtuigeann sí meon a mic, Ruán. Tá sé soiléir sa
    sliocht gur duine údárasach í, mar bhí sé de nós
    ag daoine í a shásamh. Is bean bhaothghalánta,
    chaol-aigeanta í a chuireann barraíocht béime ar
    rachmas. Tá sí claonta chomh maith, mar shíl sí
    go raibh Eibhlín Ní Loinsigh aisteach mar nach
    raibh a cuid gruaige fionn.
  • Ruán Tá Ruán ocht mbliana déag daois. Is fear
    óg cliste agus dathúil é. Mothaíonn sé go
    gcuireann a mháthair lagmhisneach air. Is léir
    go bhfuil sé míshuaimhneach ina shaol. Seans
    nach bhfuil Ruán chomh hamaideach leis na daoine
    eile sa sliocht, mar tá sé amhrasach faoin saol
    atá ag a thuismitheoirí. Níor thaitin an
    comharsa a tháinig chun tí leis ach oiread. Bhí
    sé cairdiúil agus gealgháireach, ach shíl Ruán go
    raibh súile géara aige.
  • Dfhéadfá a rá go raibh sé searbhasach agus
    ciniciúil. Ní raibh sé ag dúil leis an chóisir,
    cé gur lig sé air go raibh. Níor chreid sé go
    mbeadh an chóisir cool, chreid sé go mbeadh sé
    crap. Feicimid anseo go bhfuil sé cineálta mar
    dhuine, mar bhí sé ag iarraidh a mháthair a
    shásamh.

10
Aoir
  • An Sliocht mar Aoir
  • Bhí an Tíogar Ceilteach i réim in Éirinn san am a
    scríobhadh an
  • t-úrscéal seo. Feictear go bhfuil a lán airgid
    déanta ag Pól Albright. Tá sé tábhachtach don
    teaghlach go mbeadh an ceiliúradh so-fheicthe do
    na comharsana ar fad. Féachann Lisín ar an
    chóisir mar chaithréim.
  • Léiríonn an meon seo ábharachas i measc dhaoine
    meánaicmeacha roimh an chúlú eacnamaíochta.
    Léirítear go maith na hiarrachtaí a dhéanann mná
    coinneál suas lena chéile An tsuim a chuireann
    siad san fhaisean chun bheith chomh dathúil agus
    chomh galánta le gach bean eile.
  • Déantar cur síos so-chreidte ar shaol rachmasach
    agus ar an chaighdeán ard beatha a bhí sa tír
    sular tháinig an cúlú eacnamaíochta. Tá íoróin
    ar leith in ainm an teaghlaigh Albright, mar
    tugann sé le fios go bhfuil gach rud i gceart.
    Ach is léir go bhfuil rud éigin in easnamh, agus
    go bhfuil seisce ag baint leis an stíl bheatha
    seo.

11
Freagra Samplach
  • Tá macallaí an scannán Stepford Wives le sonrú go
    láidir sa sliocht seo. Is duine í Lisín atá
    pósta ar Phól, fear saibhir agus cónaí uirthi ar
    Ascaill na Fuinseoige, bother an-ghalánta I
    ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Cé is móite de
    bhean amháin ar an mbóthar seo-Eibhlín, tan a mná
    eile ar fad clónaithe, geall leis. Iad ar fad
    fionn, faiseanta dathúil agus ar ndóigh saibhir.
  • Usáidtear greann éadrom sa sliocht, greann atá
    ceilte I gcomhthéacs an ábhair, cuid mhaith. Tá
    sé le sonrú sa chur síos a dhéantar ar Lisín, mar
    shampla, go bhfuil an t-údar ag magadh fuithi
    agus faoina saol. Tá greann le feiscint sa
    chuntas faoi na máithreacha ar Ascail na
    Fuinseoige, mar go bhfuil said go léir cosúil
    lena chéile, an sort saoil a chleachtann said
    agus mar sin de.
  • Déantar scigmhagadh agus aoradh ar an aicme
    shóisialta atá faoi chaibidil sa sliocht seo.
    Cuirtear an-bhéim ar fad ar earraí saolta, ar
    airgead, ar bhaothghalántacht agus ar choinneáil
    suas le Muintir Mhic Sheoin.
  • Tá magadh agus aoradh sa chur síos a dhéantar ar
    Lisín agus ar an gcóisir atá á heagrú aici, ar an
    teideal Muintir Albright agus nuair a deirtear
    linn go raibh Lisín foirfe.
  • Tá sé soiléir go bhfuil an t-údar ag aoradh na
    mban seo. Ní aoradh fíochmhar, maslach géar atá
    i gceist ach aoradh éadrom. Is e an sloinne atá
    ar theaghlach Lisín ná Albright. Tá said go
    léir gealgháireach, álainn, éirimiúil, cliste,
    sona, sásta, saibhir, gan cíos, cás ná cathú
    orthu. Tá deighlt ollmhór idir iad ags an
    chosmhuintir agus tuigeann said go maith é. Is
    daoine baothghalánta, ardnósacha iad.
  • Fiú amháin agus iad ag rith amach leis an
    mbruscar bhíodh gúnaí oíche deasa orthu agus
    ghruaig cíortha go néata acu, ionas go dtuigfeadh
    na fir a bhailigh an briscar gur daoine deasa
    iad.
  • Feicimid géire an scigmagadh ag críoch an
    tsleachta. Deirtear linn go bhfuil Lisín ina
    ball de mhórán eagraíochtaí agus clubanna, ní ar
    mhaithe le leas an phobail ach ar mhaithe lena
    híomhá féin sa sochaí. Tugtar le tuiscint don
    léitheoir ag an bpointe seo nach bhfuil i Lisín
    ach duine éadomhain, fimíneach, falsa. Bhí sí
    bainteach le clubanna agus le heagraíochtaí ní ar
    mhaithe le carthanacht ach ar mhaithe le go
    mbeadh sí chun tosaigh ar a comharsana agus go
    spreagfadh sí éad iontu.
  • Cinnte is aoir atá sa sliocht seo, aoir an-ghlic.

12
Mo Thuairim
  • Thaitin an sliocht seo go mór liom mar tá an cur
    i láthair nádúrtha agus nua-aimseartha. Tá
    carachtar Ruáin ocht mbliana déag daois Tuigim
    agus creidim a dhearcadh ar an saol. Tá
    craiceann na fírinne ar na carachtair sa sliocht.
    Faighimid léargas cumasach ar shaol rachmasach
    an teaghlaigh trí shúile Ruáin agus trí shúile
    Lisín fosta. Mar sin, is féidir leis an
    léitheoir pictiúr iomlán a fháil ar a bhfuil ag
    tarlú i ndáiríre.
  • De réir dealraimh, tá saol éasca ag Lisín. Ach
    ní hionann an cófra is a lucht! Déarfainn go
    bhfuil cuid mhór teaghlaigh sa tír seo a
    chuireann barraíocht béime ar an ábharachas. Gan
    amhras, tá ceacht tábhachtach le foghlaim sa
    sliocht seo.
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com