An tEarrach Thiar - PowerPoint PPT Presentation

About This Presentation
Title:

An tEarrach Thiar

Description:

M ni - B arla THE WESTERN SPRING A man cleaning clay From the back of a spade In the gentle quiet Of a sultry day: Sweet is the sound In the Western spring. – PowerPoint PPT presentation

Number of Views:1023
Avg rating:3.0/5.0
Slides: 18
Provided by: gaelcharr
Category:
Tags: sultry | tearrach | thiar

less

Transcript and Presenter's Notes

Title: An tEarrach Thiar


1
An tEarrach Thiar
  • Le Mairtín Ó Díreáin

2
Le Staidéar
  • File - Mairtín Ó Direáin
  • Teideal Tagairt dIarthar na Tíre
  • Suíomh - Éire, iarthar na tíre am Earraigh ar
    oileáin Árainn.
  • Téama Saol deas síochánta simplí muintir
    Árainn, grá áite agus daoine ag comhoibriú le
    nadúr.
  • Mothúcháin Suaimhneas, sonas, síochán, grá,
    díomá, bród
  • Mar a chuaigh an dán i gcion ort - Teicnicí
  • msh codarsnacht, friotal, comparáid,
    meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht,
    atmaisféar, nádúr/dúlra

3
File
  • Mairtín Ó Direáin (1910 1988)
  • Rugadh agus togadh ar Árainn é
  • Bhog sé go cathair na Gaillimhe agus ar aghaidh
    go BAC. Doibrigh sé ann dá shaol ar fad. Níor
    fhill chun chónaí ar Árainn riamh. Bhí tionchar
    mhór aige sin ar a chuid fhilíochta.
  • Scríobh sé cnúsach filíochta Ó Mórna agus Dánta
    Eile.

4
Téama I
  • Téama Is é saol síochánta simplí Árainn téama
    don dán seo. Ritheann an sort téama seo trí
    fhilíocht agus saothar Ó Direáin mar shampla tá
    an téama ceanann céanna le feiceáil sna dánta
    Faoiseamh a Gheobhadsa agus Le Linn Ár nÓige.
    Is léir óna chuid oibre go léir go raibh cion
    agus grá daingean aige dá áit dúchais. Bhraith
    sé ar a shuaimhneas nuair a bhíodh sé ann. Sa
    dán seo roinneann sé an suaimhneas sin linn trí
    íomhánna ealaínte síochánta nadúrtha na háite.
  • Anuas ar sin is léir gurb é grá áite mar téama
    anseo agus léiríonn sé an grá sin le cur síos
    mealltach ar mhuintir an oileáin agus a saol
    laethúil ag comhoibriú leis an dtimpeallacht
    mórthimpeall orthu.

5
Téama II
  • Is é grá dáit dhúchais téama an dáin seo. Is grá
    leis an bhfile na hOileaín Árann. Rugadh agus
    togadh é ann ach chuaigh sé go Baile Átha Cliath
    ag obair. Bhí brón agus uaigneas air agus é ina
    aonair I mBaile Átha Cliath.
  • Thaispeáin a chuimhni cruinn seo, an ghrá láidir
    a bhí aige dáit dhúchais. Tá ceithre íomhá sa
    dán seo a bhaineann leis an saol álainn ciún a
    bhí ag a mhuintir in Árann. Ní dhearna sé dearmad
    ar an saol traidisiúnta atá ag daoine in Árainn.
  • Tá meas aige ar mhuintir na hoileáin auis ar an
    obair a dhéanann siad. Rinne sé cur síos iontach
    ar an obair a dhéanann siad. Taispeánann se an
    saol sona atá acu agus bfhéidir go bhfuil sé in
    éad leis an saol seo síochánta. Is grá leis na
    daoine seo mar déanann siad a n-obair go ciúin le
    háthas agat dínit.
  • Úsáideann an file athrá chun grá dáit dhúchais
    a thaispeáint dúinn. Deir sé an líne cheánna ag
    deireadh gach véarsa san Earrach Thiar. Is
    soléir as seo go raibh grá mhór aige dáit
    dhúchais. Cuireann an t-athrá seo béim ar an ngrá
    agus an meas atá aige ar a áit dhúchais féin
    Oileáin Árann.
  • Tá an file i bhfad óna áit chónaithe / dhúchais
    agus nuair a bhíonn se faoi strus ina shaol,
    tosaíonn sé ag smaoineamh ar na hOileaín Árann.
    Tugann na híomhánna draíochta, áille agus
    síochánta, faoiseamh dó.

6
An teachtaireacht
  • Saol simplí idéalach na hoileáin
  • Saol traidisiúnta
  • Daoine ag comhoibriú leis an dúlra, is rud deas
    é, agus ag braith ar an ndúlra chun maireachtáil
  • Is pobal atá i gceist sa dán, ní daoine aonar
    iad.
  • Teastaíonn uaidh a bheith ann ní i mBAC.
  • Uaigneas an fhile ina aonar sa chathair, i bhfad
    ón oileán, gan na radharcanna áille seo os a
    chomhair gach Earraigh.

7
Teideal
  • Simplí agus soiléir cosúil leis an an dán féin.
  • Nath an Ghaelach é thiar/siar
  • Pearsanta Thiar bhí sé ann agus bhí
    cheangailt aige leis

8
Mothúcháin
  • Cé gur dán gearr é seo is iomaí mothúchán a
    bhraitear agus a mhúsclaítear ann, uaigneas, grá
    áite, tírghrá, suaimhneas, síochán, áiféala,
    bród.
  • Ón dteachtaireacht féin tuigimid go bhfuil
    atmaisféar suaimhneasach lán dfhoirfeach ann.
    Léiríonn an file é seo trí cur síos ar na
    radharcanna áille ar an oileán, an fharraige agus
    na daoine ag obair ann ina measc Ar ór- mhuir
    mhall. Cruthaíonn an íomhá seo atmaisféar
    suaimhneach don léitheoir.
  • Anuas ar sin is léir go n-úsáideann Ó Díreáin
    áibhéal chun a chuid grá áite a thaispeáint. Tá
    béim agus athrá ar an líne San Earrach thiar
    agus ar foirfeacht na háite sa gciúneas séimh
    agus niamhrach an radharc . Ach tuigimid nach
    mbíonn saol ar an oiléan mar sin i gcónaí, leis
    an ngrian ag taitneamh agus an fharraige séimh.
    Ach tá Ó Díreáin sásta foirfeacht na háite a chur
    chun cinn chun a chuid grá áite a léiriú.

9
Mothúcháin
  • Éad agus uaigneas.
  • I mo thuairim tá éad ar an bhfile chomh maith mar
    tá seisean ina chónaí i mBAC, áit ait, difriúl,
    liath, gránna. Bfhearr leis bheith ar ais ar an
    oileán, ar Árainn leis na radharcanna síochánta
    agus a mhuintir féin. Níl an suaimhneas le fáil i
    mBAC, ach tá sé le fáil san Earrach thiar. Tá
    sé soiléir dom go mbraitheann an file éad agus
    uaigneas toisc nach bhfuil sé sa bhaile.

10
Teicnicí Fileatacodarsnacht, friotal, comparáid,
meafair, uaim/comhuaim, íomhánna, meadaracht,
atmaisféar, nádúr/dúlra
  • Codarsnacht/comparáid níl sé soiléir ach bhí
    codarsnacht idir áit chónaithe nua an fhile, BAC
    agus a áit dúichais, Árann.
  • Friotal ealaínte, ceolmhar
  • Meas féach nóta
  • Íomhánna fíor úsáid éifeachtach bainte as
    íomhánna síos tríd, ceann nó dhó i ngach véarsa.
  • Meadaracht Níl aon meadracht foirmiúil sa dán
    seo. Ach tá cúpla samplaí duaim ann ór-mhuir
    mall, a gcótaí craptha, ag caitheadh cliabh.
  • Atmaisféar I mo thauirimse, tá atmaisféar
    suaimhneach síochánta le bhraith sa dán seo.
    Feictear, tríd na híomhánna, muintir an oileáin
    ag comhoibriú leis an dulra gan aon fhadhb nó
    deacracht, sa gciúnas séimh. Léiríonn an
    teicníc seo an t-atmaisféar síochánta ar an
    oileán.
  • Athrá féach nóta
  • Nadúr agus Dúlra glacann an nadúr áit lárnach
    sa dán agus anuas ar sin i saol muintir an
    oileáin.

11
Athrá
  • Conas a chabhraíonn an t-athrá le téama an dáin
    seo?
  • Tá athrá tríd an dáin seo. Usáideann an file an
    líne chéanna ag deiradh gach véarsa San Earrach
    Thiar chun a thaispeán go bhfuil sé ag caint
    faoina áit dhúichais féin, na hOileáin Árann.
  • Cruthaíonn an file atmaisféar iontach sa dán
    seo. Is soléir go bhfuil sé ag caint faoina áit
    dhúchais mar deir sé an line chéanna I ngach
    véarsa. Is léir go bhfuil sé an-bhródúil as an
    áit sin.
  • San Earrach Thiar
  • Cuireann an athrá béim ar a mheas. Is léir go
    bhfuil an-mheas aige ar na daoine atá ag obair
    ina áit dhúchais. Déanann sé cur síos ar an obair
    agus ar shaol na daoine seo agus críochnaíonn sé
    an véarsa leis an líne San Earrach Thair.
  • Cuireann an athrá béim ar an ngrá atá aige ar a
    áit dhúchais freisin. Is soléir nach bhfuil sé ag
    caint faoi aon áit eile ach na hOileáin Árann. Tá
    an dán seo lán díomhánna dhúchais agus is léir
    go bhfuil an-ghrá aige dáit dhúchais ón athrá
    seo.

12
Meas
  • Tá meas go mór mar théama sa dán seo. Léiríonn an
    file a mheas dáit chónaithe agus do mhuintir na
    hOileáin sa dán seo.
  • Tá meas aige ar an bhfeirmeoir atá ag obair go
    ciúin sa ghort. Ta meas aige ar an obair a
    dhéanann sé. Obair deacair traidisiúnta atá ar
    siúl aige. Fear ag glanadh .
  • Tá meas aige freisin ar an bhfear eile sa dara
    véarsa. Tá an fear seo ag bailiú feamainne. Is
    fear mór láidir é atá ag caitheamh císeán lán
    dfheamainn síos ar an talamh. Obair deacair,
    tábhachtacht atá ar siúl aige agus tá meas aige
    ar an bhfear mór láidir seo.
  • Fear ag caitheadh
  • Cliabh dhá dhroim,
  • ...san Earrach thiar.
  • Sa triú véarsa, molann an file na mná áitiúil atá
    ag obair i locháin ar an trá. Lá te brothallach
    atá ann ach fós tá cótaí móra orthu. Ní raibh
    cead acu ag an am bheith ag obair ar an trá gan
    na cótaí orthu. Cé go bhfuil sé te, leanann siad
    ag obair gan aon ghearaín a dhéanamh. Tá meas ag
    an bhfile ar na mná cróga seo.
  • Mná i locháín
  • ...a gcotaí craptha,
  • Scáilí thíos fúthu,
  • Is léir go bhfuil meas ag an bhfile ar mhuintir
    na hOileáin seo- is gháthdhaoine iad go léir a
    théann amach ag obair le dínit gan gearán. Is
    léir go bhfuil an-mheas aige ar mhuintir na
    hoileaín seo.

13
Dathanna agus Fuaimeanna
  • Dathanna
  • Baineann na híomhánna sa dán seo le dathanna.
    Cuireann siad béim ar chomh geal agus síochánta
    is atá an t-oileán.
  • Sa dara véarsa, feicimid chomh geal is atá an
    lá,- an ghrian ag taitneamh ar an bhfeamainn
    dhearg ar an trá bhán.
  • Sa véarsa dheiridh, tá dath órga ar an bhfarraige
    ag deireadh an lae.
  • Fuaimeanna
  • Baineann na híomhánna sa dán seo le fuaim.
    Cuireann sé béim ar chomh síochánta is atá an
    t-oileán. Sa chéad véarsa, tá fuaim an spáide
    binn an fhuaim le cloisteáil sa lá ciúin,
    síochánta.
  • Sa véarsa deiridh, tá fuaim álainn na maidi rámha
    le cloisteáil. Fuaim lag tolla atá le cloisteáil
    agus tugann sé le hatmaisféar ciúin, síochánta
    atá ar Árann.
  • Ní chloisimid daoine ag caint ach cloisimid
    fuaimeanna an tsaoil. Cruthaíonn na fuaimeanna
    agus na dathanna atmaisféar iontach, síochánta.

14
Mar a chuaigh an dán i gcion orm
  • Íomhánna ealaínte, bainte le nadúr,
    éifeachtach, soiléir
  • Mothúcháin grá, suamihneas, síochán
  • Ídéalach is dócha nach mbíonn saol mar seo i
    gcónaí chomh séimh síochánta.
  • Codarsnacht BAC agus Árann
  • Cosúil lena chuid dhánta eile, leis an téama
    céanna grá áite, codarsnacht idir na háite. Ba
    ábhar an-choitianta é grá áite in obair Uí
    Dhireáin.

15
Mar a chuaigh an dán i gcion ormsampla
  • Íomhánna ealaínte, bainte le nadúr,
    éifeachtach, soiléir
  • P Úsáídeann an file íomhánna láidre agus
    éífeachtach chun saol foirfe a léiriú.
  • M Dúirt Ó Direáin go bhfuil an uisce ag soilsiú
    agus ar lasadh.
  • S Is an feamann dearg ag lonrú i dtaitneamh
    gréine
  • C I mo thuairimse léiríonn sé seo go bhfuil an
    Iarthar agus an saol ann go hálainn agus
    úsáideann an file an íomhá seo chun an pointe sin
    a léiriú.

16
Míniú - Gaeilge
  • Tá fear ag glanadh cré as a spáide
  • sa ciúinas atá ann ar lá te.
  • Tá an fhuaim go deas san earrach in Iarthar tíre
    (Árann).
  • Tá fear eile ag caitheamh ciseáin dá dhroim.
  • Tá an feamainne dhearg ag lonrú/soilsiú
  • faoi sholas na gréine ar thrá chlochach bhán.
  • Is álainn an radharc sin san Earrach in Iarthar
    tire.
  • Tá mná I línnte/locháin nuair a bhíonn an taoide
    amuigh.
  • A gcótaí tógtha suas timpeall a nglúine.
  • Tá scáilí san uisce thíos fúthu,
  • is radharc draíochta síochánta é.
  • San Earrach in Iarthar tire.
  • Tá fuaim lag tolla á dhéanamh ag maidí rámha,
  • ó bhád ag teacht isteach chun na trá lán déisc.
  • Tá an ghrian ag taitneamh ar an bhfarraige ciúín
  • Sa trathnóna san Earrach in iarthar tíre.

17
Míniú - Béarla
  • THE WESTERN SPRING
  • A man cleaning clay
  • From the back of a spade
  • In the gentle quiet
  • Of a sultry day
  • Sweet is the sound
  • In the Western spring.
  • A man tossing down
  • A creel from his back
  • And the red seaweed
  • Gleams in the sun
  • On the white shingle
  • Glorious the sight
  • In the Western spring.
  • Women stand in the little pools
  • At low ebb tide
  • With skirts tucked up
  • Casting long shadows
  • On the peaceful scene
  • In the Western Spring.
  • Gentle lapping of oars
  • As a currach full of ?sh
  • Comes towards the shore
  • On a calm golden sea
  • At eventide
  • In the Western Spring.
Write a Comment
User Comments (0)
About PowerShow.com